beirut

Is í Béiriút príomhchathair agus príomhphort na Liobáine, agus is í an chathair is mó sa tír. Tá cónaí ar 1.2 milliún daoine sa chathair agus 2.…
Is í Béiriút príomhchathair agus príomhphort na Liobáine, agus is í an chathair is mó sa tír. Tá cónaí ar 1.2 milliún daoine sa chathair agus 2.1 milliún sa chúlchríoch. Bhí Béiriút ar na hionaid chultúrtha agus tráchtála ba thábhachtaí sa Mheánoirthear ó lár na 19ú haois i leith. Sa bhliain 1866 chuir misinéirí Meiriceánacha an Coláiste Protastúnach Siriach ar bun sa chathair agus é ar na chéad institiúidí ardléinn ar mhúnla Iartharach sa réigiún; mar fhreagair air sin d'oscail na hÍosánaigh Ollscoil San Iósaf sa bhliain 1875. Ó na 1920idí i leith tháinig preas beoga as Araibis agus Fraincis araon chun cinn sa chathair. Ionad tábhachtach don fhoilsitheoireacht as Araibis ab í Béiriút freisin, go háirithe i ndiaidh na 1950idí nuair a tháinig deachtóireachtaí chun cumhachta i dtíortha eile sa réigiún. Bhí tionscnamh baincéireachta an Mheánoirthir lonnaithe don chuid is mó i mBéiriút go dtí na 1970idí.
  • Stát ceannasach: an Liobáin
  • Governorate of Lebanon: Beirut Governorate ⁽ᵉⁿ⁾
  • Iomlán: 2,421,354 (2023)
  • Teanga oifigiúil: an Araibis
  • Achar dromchla: 20 km²
  • Airde: 0 m
  • Éarlamh: Naomh Seoirse

Pleananna turais molta

Sonraí ó: ga.wikipedia.org