Is é Pálás Buckingham príomháras cónaithe mhonarc na Breataine, mar atá, Eilís II. Cuirtear imeachtaí agus ócáidí stáit ar siúl sa Phálás agus is díol suime mór é do thurasóirí. Tógadh í ar dtús sa bhliain 1703 mar áras cónaithe do Dhiúc Buckingham, ach fuair Seoirse III é dó féin sa bhliain 1761. Bhíodh an t-ainm Teach Buckingham air, tráth.