Is stát de chuid na Stát Aontaithe é Tennessee, agus é suite in oirdheisceart na tíre. Tugtar "An Stát Deonach" ar Tennessee, in aitheantas do na hóglaigh líonmhara ón stát seo a ghlac páirt i gcogadh na bliana 1812. Is í Nashville príomhchathair an stáit seo, ach is í Memphis an chathair is mó.