Is tír sa Mheánoirthear í an Araib Shádach, an tír is mó sa réigiún sin. Is ríocht í, agus tír naofa í in Ioslam. Bhí tuairim is 32 milliún duine ina gcónaí sa tír sa bhliain 2022. De réir Daonáireamh 2022, bhí thart ar 14 milliún neamhnáisiúnach ina gcónaí sa tír, nó 44% den daonra iomlán.