Is grúpa d'oileáin Mhuir Chairib agus críoch neamhchorpraithe agus eagraithe de chuid na Stát Aontaithe iad Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean, go hoifigiúil Virgin Islands of the United States. Is cuid d'oileánra Oileáin na Maighdean iad na hoileáin go geografach agus tá siad suite in Oileáin na Fothana sna Mion-Aintillí.